Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh

Scag na scéalta

Siar
/ 0362 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Seanfhocla

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0309

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Is feárr mall ná go bráth

Ní hí an bhean is áilne is truime ciall
Is beag an ghaoth nac lúbhfadh tráithnín
Duine gan dinnéar, beirt chun suipéir
An áit a mbíonn na mná bíonn cainnt
Ag díol meala, agus ag ceannacht milseáin
Is feárr lúbadh na briseadh
Ní h-é gach aon lá, lá an aonaigh
Aoibhinn do'n chorp thuiteas an bháisteach air
Is maith an sgoil é an saoghal

Is feárr teach beag 'gus bainne gabhair ná teach mór ar bheagán biaidh

Níl fios cé feárr an tús ná an deire
Ní fuide gob an ghé ná goth an ghandail
Níl fios an feárr an luath ná an mhoill
An té 'bhíos bocht bíonn se sgéaltach
Ní airigheann sughadh sáthach anthró duine eile

Cuairt gearr 'gus go h-annamh 'gus ís in féin a dhéanamh i dteach do charad

Suidh comhthrom agus labhair díreach

An té bhfuil deis aige le h-aghaidh a shuipéar, téigheann sé a chodladh

Comnigh do shiopa agus coinneóchaidh do siopa thú
Ní bhíonn saoi gan locht

Bailitheoir
Pádhraic Pléimeann
Inscne
fireann
Seoladh
Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge