Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0308

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0308

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort na Léime
  2. XML Leathanach 0308
  3. XML “Pisreoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí bean ann san am fadó agus bhí trí cinn de bha bainne ací, ach má bhi féin, ni raibh greim amháin ime aici mar bhí an t-im imithigthe ag bean eile sa mbaile. Ní raibh ag an mnaoí seo acht aon bhó amháin, agus bhíodh sí ag díol ime gach lá sa t-seachtmhain. Tharla go dtáinic fear siúbhail isteach chuig an mnaoí a bhí gan aon im. agus d'innis sí dhó go raibh trí cinn de ba aicí, acht nach raibh aon im ar a gcuid bainne. Dubhairt sé leí 'Ta an t-im ag do chómharsa bhéal-dorais' D'fiafraigh sé dí an raibh aon bainne cruinnighthe aicí. Dúbhairt seise go raibh. 'Glan an cuinneog' ar seisean, agus cuir an bainne innti'. Annsin chuaidh sé amach sa teach eile agus nuair a chuaidh se isteach chuir sé splanc in a phíopa. I gceann tamaill shúibhail sé amach agus chuaidh sé isteach arís i dteach na mná gan im. Bhí an bainne sa gcuinneog aicí an uair seo. Chuir sé luath as a phíopa isteach fa bhún na cuinneóige, agus thusuigh an bhean ag 'déanamh' an bainne. Tháinic an bean eile ag an doras agus d'iarr sí isacht píce. 'Gabh isteach' arsan an fear siúbhail 'agus buail lamh sa luithne' Rinne sí amhlaidh, agus ba ghearr go raibh an cuinneog lán le im. Bhí im na dtrí mbó ag an mhnaoí ón lá sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Pléimeann
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe