Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0300

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0300

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort na Léime
  2. XML Leathanach 0300
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i gcois Oisín, agus an chos ag tabhairt fhola. "Tuige nar innis tú dhom go raibh an bacall sáidhte in do chois a Oisín" arsa Naomh Pádhraig. Shíl mé" arsa Oisin "go raibh baint aige leis an mbaisteadh."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Chuaidh fear isteach oidhche amháin i dteach áit raibh cailiní óga ag singilt lín. Thosuigh sé ag congnamh leo go ceann tamaill. Nuair bhí an singilt críocnuighthe aca, rinne siad tae, acht nior thug siad aon deor de'n bhfear óg. I gceann tamaill chuaidh sé isteach sa seomra san áit i raibh an tae, acht bhí an tae ar fad ólta, agus ní raibh blas na greim le fághail aige. Chuaidh sé abhaile, agus bhí fearg mhór air, agus as ucht na feirge dubhairt sé na focla seo: ---
    "Néal ní fhághaim in mo chábán seide
    Tá m'oideacas ar réir m'fhóghluim
    Sgoith na mná sa choimhlint mé
    Námhaid na ceirde gan í fhógluim."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Pléimeann
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó Branáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe