Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh

Scag na scéalta

Siar
/ 0362 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Leigheasanna

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0297

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bó nó gamhain nó capall tinn. Cuirtear snaidhm na bpéist dóib. Mar seo a deantar an t-snaidhm. Cuirtear naoí súilí ar shnáite olann agus cuirtear naoí n-uairí ar dhruim na bó, nó an chapaill é.

Dheanfadh meachan na gcaorach bruitte agus an sugha ól slaghdán a leigheas.
Faithne ar lámh nó ar éadan, an faithne a chuimilt le seilmide agus annsin an seilmide achrochadh ar chrann, agus do réir mar bheadh an seilmide ag leaghadh bheadh an faithne ag imteacht.
Nuair a dheanfadh duine a chos nó a lámh a leónadh théigeadh sé go dtí an fíghdeóir le snáithe leónta a fhághail. Annsin cuirfidh an snáithe leónta ar an gcois, nó ar an láimh go ceann naoí lá, bhíodh biseach ar an leónad annsin.

Bailitheoir
Pádhraic Pléimeann
Inscne
fireann
Seoladh
Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Micéal Ó Branáin
Inscne
fireann
Seoladh
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge