Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0293

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0293

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort na Léime
  2. XML Leathanach 0293
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Ceathrú Chaoil
    Feilm mhór a bhí ann fadó ag tighearna talmhan. Nuair bhí sé fághail bháis, d'orduigh sé an fheilm a roinneadh ar a cheathar mac. Ní raibh an píosa a bhí thart timceall na scoile annseo. Chomh mór leis na píosaí eile, agus mar gheall ar sin tugadh an "Cheathrú Chaoil" air.

    Breach-luan:-
    Móinfhéar deas bhí annseo agus dfásadh go leór nóiníní móra ar a fud, agus mar gheall ar sin tugadh an t-ainm "Breac Luan" ar an ait.

    Ceathrú na gCorr:-
    Seo áit ann i mbíodh go leor corr éisc, agus bíonn siad ann go dtí an lá indiú, inaice an loch mhór atá ann. Sin é an fáth gur tugadh an t-ainm Ceathrú-na-gCorr (The Quarter of the herons or cranes) ar an áit.

    An Cheathrú-Ruadh:-
    Deireann daoine gur mar gheall ar an créafóg ruadh atá lé fághail go flúirseach san áit gur tugadh an t-ainm seo air. Bíonn féir fada ruadh ag fás in go leor
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Siubhán Ní Murchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Lománach Rua, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Fiothaile
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lománach Rua, Co. na Gaillimhe