Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh

Scag na scéalta

Siar
/ 0362 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
An Doineann

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0292

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

I mí Meitheamh 1918 bhí toirneach mhór agus teinntreach . Bhí bheirt fhear ag baint móna ar an bportach cúpla míle as seo, stop siad nuir a thosuigh sé ag eirighe an- dona ar fad agus thosuigh siad an rith abhaile. Ar mbealach mharbhuigh an teintreach iad. Tháinic dath dubh ar an mbeart aca nuair bhí siad leath uair marbh . Marbhuigheadh caoirig,caiple, agus leagadh cramnte ar fud an h-áite an lá céadhna Sé Gioblán agus Dómhnallán na h-ainmneaca a bhí ar an mbeirt fhear a marbhuigheadh agus chomnuigh siad i bpaiste i bparáoiste Chill Chiaráin.

Bailitheoir
Pádhraic Pléamonn
Inscne
fireann
Seoladh
Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Máiréad Bean Uí Phléameann
Gaol
tuismitheoir
Inscne
baineann
Seoladh
Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge