Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0291

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0291

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort na Léime
  2. XML Leathanach 0291
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a thagann gealach nuadh má bhíonn sí díreach ar an spéir sin cosamhlacht go mbeidh sí go h-olc, agus má bhíonn realtóg os a cómhair amach sin cosamhlacht eile freisin go mbeidh sí go h-olc, mar deirtear go mbíonn an realtóg ag iarraidh coimirce ar an ngealaigh.

    Má bhíonn an ghealach nua ar a druim beagnach, beidh sí go maith, mar deirtear go mbíonn an gealach sin indon an fhearthainn a choinneál suas.

    Má bhíonn ceo ann le linn sean ghealaighe, beidh fearthainn againn go cinnte, acht ceo le linn gealaighe nuaidhe, beidh aimsir bhreágh againn, mar níor tháinic ceo sean ghealaighe ariamh agus tart air.

    Má thagann an spideóg isteach ar lic an dorais deirtear gur cosamhlacht sneachta é sin.

    Nuair bhíonn aimsir briste againn bíonn na cearca 'ghá bpiocadh féin ar aghaidh na gréine, agus má bhíonn sé ag fearthain ar maidin agus ma feictear an coileach 'gá phiocadh féin agus ag glaodhach, sin cosamhlacht go n-eireóchaidh an lá suas go breágh.

    Pádhraic Pléimeann
    Coille Cotla
    Dúnmór

    ó Seán Ó Dísgín
    Coille Cotla
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Pléimeann
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Disgín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe