Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh

Scag na scéalta

Siar
/ 0362 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Seanchas i dtaobh na hAimsire

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0290

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

má goireaun an chuach go luath sa samhradh nó sul má bíos na duilleabhair ar na crainn sin cosamlacht go mbeidh an bhliadhain sin gann agus go mbeidh beatha daor.

Cuireadh na sean dhaoine maide beag síos i linn nó i n abhainn oidhche Nodhlag beag agus dá dtagadh fearthainn an oidhche sin agus dá mbeadh an t-uisce chomh h-árd leis an maide ar maidin an chéad lá de'n mbliain nua d'abruigheadh siad go mbeadh an bhliain sin go h-olc agus go mbeadh beatha daor.
Ré na Samhna - má fhágann Ré na Samhna an ghaoth ó'n taobh ó dheas beidh an bhliain nua go maith, beidh aimsir bhreág againn agus beidh bharanna maithe amuigh. Má fhágann Ré na Samhna an ghaoth ón taobh ó thuaidh, beidh an bhliain nua go h-olc, aimsir chruaidh fuar, agus fágfaidh sin go mbeidh droc bharanna amuigh.

Bailitheoir
Pádhraig Pléimeann
Inscne
fireann
Seoladh
Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Miceál Mag Oireactaigh
Inscne
fireann
Seoladh
Lios Uí Chonchúir, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge