Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh

Scag na scéalta

Siar
/ 0362 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Cistí Óir i bhFolach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0285

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Cistí óír i bhfolach

Fadó bhí triúr mná in a gcónniudhe in aon teach amháin in aice leis an mbaile mór darbh ainm an Caisleán Riabach i gco. Roscomáin. Tháinig an lepreacáun chuca trí oiche i ndiadh a chéile, agus dubhairt leo go raibh ciste óir i bhfolach ar an taobh ó thuaidh de caisleán dún mór. Dubhairt sé leo freisin go raibh cat dubh ag tabhairt aire don áit i raibh an ciste óir, agus go gcaithfeadh siad an ciste bheith bainte as an talamh aca roimh a h-aon a chlog san oiche. D'imigh an triúr mná agus rinne said a mbealach ón gcaisleán riabach go Dún Mór Co. na Gaillimhe. Bhí sioc mór agus sneachta ar an talamh agus ba dheacair dóibh siubhal. Bhí láige agus sluasadh ag gach duine aca leis an gciste óir a bhaint as an talamh uair. Tháinig siad i bhfocas do dúnmór agus don caisleán, bhí tuirse mór orthu agus chuaigh siad isteach i muileann atá in aice na h-áite. Is docha go raibh coirce sa chruadhacan, ag an muileann agus bhí teine mór síos. Mar bhí codladh agus tuirse ar na mná

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
P. Pléimeann
Seoladh
Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Labhrais Ó Ciaráin
Inscne
fireann
Seoladh
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge