School: Garán (roll number 11721)

Location:
An Garrán, Co. na Gaillimhe
Teachers:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0163

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0163

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Garán
  2. XML Page 0163
  3. XML “Seanscéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Sé an fhírinne é", ars Naomh Pádraig.
    Págánach do b'eadh Oisín. Thosuigh Naomh Pádraig ag cainnt fá Chríost annsin. D'innis Naomh Pádraig dhó an chaoi a bhfuair Críost bás. Níor chreid sé Naomh Pádraig ar dtús. Dubhairt Naomh Pádraig annsin go raibh Fionn agus na Fianna eile i n-Ifreann. Níor chreid Oisín é. "Cé'n fáth nach dtagadh siad amach as ifreann" ars Oisín. Dubhairt Naomh Pádraig go raibh an diabhal ag coinneál ann iad. Dubhairt Oisín annsin go raibh an diabhal an láidir má bhí sé i ndon Fionn a choinneál ann.
    ___
    Bhí Cormac Mac Airt i n-a Árd Rí ar Éirinn fadó. Do bhí na righthe ag comhnuidhe i dTeamhair an uair sin. Do bhíodh feis mhór i dTeamhar aige gac tríomhadh bliadhain. Theigheadh muinntir na h-Éireann go dtí an feis sin le cáirdeas agus síothcháin a dhéanamh le chéile. Rí an-mhaith do b'eadh Cormac Mac Airt. Bhí pálás mór ag Cormac Mac Airt ag Teamhar. Bhí an tír fé shógh agus fé shuaimhneas an fhaid a's bhí Cormac Mac Airt 'ghá riaghaladh agus bhí an tír ag dul ar aghaidh go mór. Chuir Cormac suim mhór i léighinn. Fear an-tuigsionach do b'eadh é. Thagadh na daoine léigheannta to Teamhair gach bliadhain agus sgríobhadh siad síos stair na h-Éireann ó bliadhain go bliadhain. San t-am sin do chuiridís dlighthe na tíre le chéile in aon leabhar amháin. Do thagadh na céadta mhich
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
        2. Cú Chulainn (~40)
    Language
    Irish