Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garán
- XML Leathanach 0162
- XML “Seanscéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bradán. Rug Fionn ar an bradán agus lás sé teine. Nuair a bhí an teine déanta aige thosaigh sé cun an bradán a róstadh. Dhóig Fionn a mhéar agus chuir sé an méar suas in a bhéal. Bhí píosa dé'n bhradán greamuighthe le'n a mhéar agus d'ith Fionn Mac Cumhaill é. Nuair a bhí an bhradán rósta chuaidh Fionn go dtí a mháighistir. Nuair a chonnaic an mháighistir an bhradán d'fhiafruigh sé de Fionn ar bhlas sé an bhradán agus dubhairt Fionn nár bhlas acht nuair a bhí sé ag iompú an bhradáin gur dhóigh sé a mhear agus gur chuir sé a mhéar suas i n-a bhéal chun é do leighiseadh. "Do bhlas tú ar an bradán["] ars an fear eile "agus tusa an chéad fear ar bhlas air". "Tá eolas agat ar gach rud anois" ars an fear le Fionn. Sin é an sgéal mar a chuala mé é ó m'athair. Níl a fhios agam a bhfuil sé fíor nó nach bhfuil. Nuair ar mhaith le Fionn aon rud a fhágháil amach ní raibh uaidh acht a mhéar a chur suas i n-a bhéal.
____
Nuair a tháinic Oisín abhaile ó Thír na n-Óg casa[dh] Naomh Pádraig leis. "Cé thú féin" ars Oisín le Naomh Pádraig. "Ní raibh tusa ins an Fiannaibh nuair [a] d'fhág mé Éire" ars Oisín le Naomh Pádraig. "Na Fianna", adeir Naomh Pádraig, "tá siad caillte le fada [an] lá". Ní féidir go bhfuil Fionn mór Mac Cumhaill caillte", ars Oisín. "Tá", adeir Naomh Pádraig, "agus níl ceann aca fágtha". "Ní chreidim thú", ars Oisín.(leanann ar an chéad leathanach eile)