Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
An Garrán, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0005
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fé Theach na Cúirte. Tá Teach na Cúirte suidhte ar an dtaobh ó dheas de'n bhóthar atá ag dul go dtí Baile na Cúirte [dhuit]. Tá sé timcheall a's dhá chéad slat ar an dtaoib ó thuaidh dé'n roilig. Tá fallaí na Cúirte timcheall a's dhá troigh tuigh. Níl fágtha de Theach na Cúirte anois acht na ceithre fallaí. Thuit an díon isteach i bhfad ó shoin agus tá cárnán mór cloch istigh san sean-chúírt. Tá sé timcheall a's fiche troigh ar áirde.
    Deirtear go bhfuil an t-ór i bhfolach faomh dtaoibh ó thuaidh dé'n chúirt. Deireann na sean daoine gur (raibh) bhrionglóidigh fear áirighthe faomh ór. Bhrionglóidigh sé trí h-uaire i ndiaidh a chéile. Annsin aon oidhche amháin chuaidh beirt fear ' ghá chuartughadh. Bhí poll mór déanta aca nuair a chonnaic siad dearg daol. Rómharadar síos níos fuide agus ar deireadh thiar thall fuaireadar rian an phota óir. Deireann na sean daoine go bhfuigheadh síad an t-ór marach go raibh eascaine curtha ar an chiste óir. Níor thárla sé sin acht dhá bhliadháin ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Ríoghbhardáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Garrán, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraic de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Cúirte, Co. na Gaillimhe