Scoil: Órán Mór (B) (uimhir rolla 4506)

Suíomh:
Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin

Scag na scéalta

Siar
/ 0500 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Órán Mór (B) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0346

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(gan teideal)

San am fadó bhí go leór diabhail ann agus théigheadh siad amach san oidhche chun na tighte.

San am fadó bhí go léor diabhail ann agus théigheadh sia[d] amach san oidhche chun na tighte. Aon oidhche amháin tháinic ceann acú chuig teach agus bhí muintir an tighe ag rádh an paidrín páirteach. Níor fhéad sé teacht níos fuide. Chuaidh sé go dtí an dárna teach agus bhuail sé ar an doras. Thuith sé go raibh fea[r] an tighe ar meisge agus bhí sé féin agus a bhean ag troid. Bhuail sé ar an doras agus leigeadh isteach é. Shíl an bhean go mbéadh sí sabhálta da mbéadh aon duine istighe mar ní raibh fhios aice cé bhí ann, acht cé bhí ann acht an diabhail agus nuair a bhíodh síothcáin idir an mbeirt seo chuirfeadh sé ar troid arís iad. Dubhairt an buachaill báire dá mbí sin mo bhean do mharbhóchaidh mé í le buile an tslúth í. D'éirigh an fear in-a sheasamh agus mharbhuigh sé an bhean le buile an tlúth. D'imthigh an diabhail annsin agus é ag gáire agus dubhairt sé, tá an bheirt sin agam anois.

Faisnéiseoir
M. Bean Ní Seacnasaigh
Inscne
baineann
Seoladh
Gleann an Scáil, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge

Bhí beirt Rí ann fadó. An Rí Éireannach agus an

(leanann ar an chéad leathanach eile)