Scoil: Órán Mór (B) (uimhir rolla 4506)

Suíomh:
Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0345

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0345

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Órán Mór (B)
  2. XML Leathanach 0345
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag siubhail ar an mbóthar gach lá.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    fhios aige cé gcodlóchadh sé an oidhche sin. Bhí sé ag siubhail go mall agus ag breathnú tart agus sa deireadh, chonnaic sé teach mór ins an gcoill. Chuaidh sé comh fada leis an dteach agus bhí an doras osgailte. Bhuail sé ar an doras acht, ní bhfuair sé aon fhreagra Annsin, chuaidh sé isteach agus chuaidh sé suas an sgaighre. [!] Chuaidh sé isteach sa seomra. Bhí teine breágh ar lasadh ann. Shuidh sé síos ag an teine agus i gceann tamaill tháinig fear isteach agus dubhairt sé leis - "tar uair annseo agus ith do shuipéar" Nuair a bhí an suipéar ithte aige, bhí leaba sa seomra agus chuaidh sé a codhladh ann. Nuair a bhí sé tamall 'na chodladh, tháinig an fear isteach agus dubhairt sé leis an bhfear "eirigh go mbearrfaidh mé thú." D'éirigh an fear agus do bhearr sé é. Annsin chuaidh sé a codhladh aríst. Tháinig an fear isteach aríst agus dubhairt sé leis an bhfear "éirigh go mbearrfaidh mé thú. Nach anois a bhearradh tú mé, ars an fear ar an leabaidh. "Is cuma sin," ars an fear eile, "Éirigh do shuidhe" D'éirigh sé ar bhearradh sé arist é. Annsin, chuaidh sé a codhladh arist agus chodail sé go maidin. Nuair a d'éirigh sé ar maidin, bhí an breicfeasta réidh roimhe. Dith sé an breicfeasta agus chuaidh sé amach agus casadh fear eile leis. Céard a thug isteach annsin thú ars an fear seo. Chodail mé an oidhche ann ar seisean. Acht níl duine ar bith 'na comhnuidhe annsin ars an fear. Annsin d'innis sé do faoi gach rud a thuit amach ann. Dubhairt an fear goraibh an teach lán le "Fairies" agus nach raibh duine arbith na comhnuidhe ann le leith céad bliain.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Padraic Mac an Ríogh
    Inscne
    Fireann