Scoil: Órán Mór (B) (uimhir rolla 4506)

Suíomh:
Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0344

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0344

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Órán Mór (B)
  2. XML Leathanach 0344
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Aon lá amháin, bhí an maghdean Mhuire agus a Mac amuigh agus bhí siad ag gabháil an bhóthair...

    Aon lá amháin, bhí an Maighdean Mhuire agus a Mac amuigh agus bhí siad ag gabháil an bhóthair agus chasadh fear leo ar an mbealach agus bhí a dhá chois cam. A Mhic, ar sise, nach cam an dhá chois atá faoi an bhfear sin. Níor labhair an Mach. Nuair a tháinic an oidhche, bhí teach ann ar thaobh cnuich. Dubhairt ár slánuightheóir leí a' dul isteach san teach agus lóistín a d'fhagháil ann go maidin. Dubhairt Sé leithe cébí céard a bhí ann a fanacht ann go maidin. Mar bhí fhios ag an slánúightheóir céard a bhí róimpí. Céard a bhí ann acht fear marbh, agus é leagtha amach ar cláir chaillte. D'fhan sí annsin go maidin ag faire ar an gcorp. Ar maidin, chuaidh sí amach tar éis na h-oidhche ag faire an cuirp. Casadh an Mac leí. A Mhic, ar sise cé'n fáth gur chuir tú isteach sa teach sin aréir mé nach raibh ann acht corp leagtha amach ar chlár Romham. Bheul, ar Seisean, ar bhain tú greim as. Ó 'tuige ar Sise a mbainfinn. Narbh fhurasta greim a bhaint as ná as an bhfear a casadh ar an mbealach indé linn. Mar sin níl aon ceart ag aon duine locht d'fagháil ar grásta Dé.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag siubhail ar an mbóthar gach lá.

    Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag siubhail ar an mbóthar gach lá. Aon oidhche amháin nuair a bhí sé an-dorcha ní raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Padraic Mac an Ríogh
    Inscne
    Fireann