Scoil: Órán Mór (B) (uimhir rolla 4506)

Suíomh:
Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0337

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0337

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Órán Mór (B)
  2. XML Leathanach 0337
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí rí ann fadó agus bhíodh sé ag cuir ceisteanna ar gach duine agus ag cuir geall mór nach raibh siad indan iad a fhosgailt.

    Bhí Rí ann fadó agus bhíodh sé ag cuir ceisteanna ar gach duine agus ag cuir geall mór nach raibh siad indon iad a fhosgailt. Bhí cuid mhait de na daoine sgriosta leis na ngeall a bhí sé ag cur ortha, toisg nach raibh siad indon iad a fhreagairt. Thuit sé go raibh fear bocht as Connemara ag obair in aice leis. Chuala sé na sgéala. Dubhairt sé leis féin go rachadh sé in a láthair. Chuaidh sé chuige agus d'fiafruigh an rí céard a bhí ag teasdail uaidh. Chuala mé, ar seisean, go bhfuil tú ag cuir ceisteanna ar gach duine agus nach bhfuil siad indon tú a fhreagairt. Dubhairt an rí nach raibh an fear indon ceist a fhreagairt dó. "Ce'n geall a cuirfeas tú liom," arsan fear. "Dhá céad púnt" ars an rí. "Tá go maith" ars an fear "bhfuil fios agat cé'n t-ainm a bhí ar mháthair na Maighdine Glóire." "Siubhan Breathrach" ars an fear. "Tá leat," ars an rí. "Tá an geall gróidhte agat." Dubhairt an fear bocht go raibh súil aige go bhfreagróchaidh an rí ceist do fhéin. "Tá go maith," ars an rí, "tá mé indon ceist ar bith a fhreagairt." "Cuirfidh mise," ars an fear "ceithre céad púint nach bhfuil tú indon an ceisth seo a freagairt" "Cuirfidh mise," ars an rí cúig céad púint go bhfuil. Tá go maith, ars an fear. Ce'n t-ainm a bhí ar athair Páid mór a bhí siar i gConnamara againne. Níl fhios agam cé hé Páid mór ná a athair, ars an rí, acht seo an t-airgead agus imthigh leat agus ná feicim thú aríst go bráth. D'imthigh an fear bocht ríméadach go maith ag dul abhaile dó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maighréad Bean Ní Seacnasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann an Scáil, Co. na Gaillimhe