Scoil: Tamhain (uimhir rolla 15679)
- Suíomh:
- Tamhain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: C. Bean Uí Thréinfhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tamhain
- XML Leathanach 0271
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seana Scoileanna
Tuairim le nócha ó shoin ní raibh aon scoil san áit seo ach bhí máighistir ann. Sé'n scoil a bhí acu seachtmhain agus cúpla scioból sa mbaile. Nuair a bheadh an baile siubhalta aige thosuigh sá sa céad teach aríst agus chuala mile - Domhnall Ó Beirn - go raibh an-sgoláirí aige.
Sé an múinteoir deire a bhíodh ag gabhail mar seo "Brendan leath-lámhach". An chéad máighistir a tháinig 'na dhiaidh Colm Mac Dhonnachadha ab ainm dó. Dhein daoine an bhaile agus an sagart paráiste scoil le chéile.
Deirtear go raibh chuile duine sa mbaile in ann Laidin a labhairt agus a léigheamh. Leabhra urnaighthe laidin a bhí acu.
Gaedhilg ar fad a bhíodh ag muintir an bhaile agus bhí an-ghrádh acu dá dteanga nduthchais. Níor thuig aon duine sa mbaile an Béarla ach corr duine.
Bhíodh leabhra Ghaedhilge ag na páistí scoile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tamhain, Co. na Gaillimhe