Scoil: Tamhain (uimhir rolla 15679)
- Suíomh:
- Tamhain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: C. Bean Uí Thréinfhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tamhain
- XML Leathanach 0269
- XML “Cruatan”
- XML “Daoine a Báthadh san Áit”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus is gearr go raibh sé fhéin agus na daoine 'na gcomharsanna maithe. D'fhán an Captaon agus a mhairnéalaigh 'na gcomhnuidhe ar bord na soitheach go ceann bliadhna gur díoladh an soitheach ar chandáil, cheannuigh muintir an bhaile mar adhbhar téine. Bhí cuid de na daoine óga in ann teanga na mairnéalach a labhairt ag deire na bliadhna.
Chuaidh na mairnéalaigh ar ais go Tír na Sorcha ar bád ó Cathair na Gaillimhe. I gceann dá bhliain 'na dhiaidh tháinig an Captaon go Gaillimh ar soitheach eile agus chaith sé dhá lá ins an mbaile seo mar a dubhairt sé "in éindigh lena chuid comharsana". - Daoine a báthadh san áit.Tuairim le ceithre scór blian ó shoin báthadh beirt fhear ar poinnte "Barr na h-Áirde". 'Sé t-ainm a bhí ortha ná Paidín Ó h-Eidhin agus Seán Ó Chanláin. Bhí siad ag tigheacht as Gaillimh go h-Oileán Éide ar púcán beag. Nuair a bhí siad ag dul(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tamhain, Co. na Gaillimhe