Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuireann chuile feilméar thart annseo fataí. Bíonn dá acra fataí curtha ag gach duine beagnach. Tá go leor cineál fataí ann agus tá ainmneacha faoi leith ag gach cineál. Seo cuid aca - Champions, Striped Champions, Aran Banners, Kerrs Pinks, Flounders and Aran Chiefs. Cuireann na Feilméaraí na fataí le go mbeadh biadh aca agus ag na h-ainmmhidhthibh ar feadh an Geimhridh. Cuirtear na fataí i Mí na Márta agus i Mí an Aibreáin agus baintear iad i Mí Dheireadh Foghmhair. Is i ndrilleannaibh a cuirtear na fataí anois. Caithfear an talamh a shaothrughadh i dtosach agus annsin na drilleanna a dhéanamh ann. Annsin sgartar na sgoilteóga ins na díogaibh agus dúntar iad. Sgartar aoileach ar na sgoilteógaibh agus dúntar na drilleanna leis an gcéacht. Díolann na feilméara fataí ar an margadh i nGaillimh. Déantaí stailc de na fataibh thart annseo fadó.
Gearrann na mná na fataí agus déanann siad na sgoilteóga. An chuid de'n fhata a bhíos fágtha tar éis na sgoilteóga a bhaint aiste tugtar sgiollán uirthe. Cuireann cuid de na feiléaraibh feamann ar na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Maoilsheachlainn Ó Nuadhain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droim na Gaoithe, Co. na Gaillimhe