Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)
- Suíomh:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
- XML Leathanach 0142
- XML “Paidreacha”
- XML “Paidreacha - Paidir na Leaba”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá paidreacha mar seo ag na sean-daoine:- nuair a thagann duine isteach i dteach deireann sé "Bail ó Dhia oraibh go léir." Nuair a n-imthigheann sé deirtear leis:- "go ngéarrfaidh do bhóthar leat."
Deirtear ar éirge ar maidin:- Go dtiubhraidh Dia saor linn trí an lá." Nuair a cuireann duine isteach ann ar dhuine eile a mbíonn ag obair deireann sé leis "Bail ó Dhia ar an obair." Nuair a bhíonn duine ag sníosnúd" deirtear go léir "Dia linn." Bíonn beannachtaí i mbéalaibh na ndaoine igcomhnaidhe. Nuair a bhíonn duine ag dul abhaile thar éis cainnt le dhuine eile deireann sé "Slán leat" agus freagruigheann an duine eile leis "Slán leat go deó." - Beannuighim isteach sa leabaidh seo,
Íslighim ar mo thaobh dheas's codlaim ar mo thaobh chlé,
Dúiltuighim do'n olc, agus iompuighim le Mac Dé,
Tugaim mé féin suas do' truir is fearr
An t-Athair, an Mac, 's an Spiorad Naomh,
Ceithre coirnéal ar mo leabaidh; ceithre h-Aingle orra scartha,
Má fhághaim bás as seo go maidin Flaitheas Dé do mo anam(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Patrick Doyle
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mr Ó Neachtain
- Inscne
- Fireann