Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0125
  3. XML “An Tiarna Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tugtaí Alcorn ar an bhfear ag a raibh seilbh aige ar píosa mhóir talmhan mór thimpcheall an cheanntair seo. Bhí sé ann an t-am is mó a chuimhin le na daoine is sinne san gceanntar anois. Tá fhios ag na daoine go raibh Ristéard Chroimbhéail ar an gcéád fear a chuir na tighearnaí talmhan i gcomhacht sa dtír seo ar dtúis. Ní mhaith le na daoine na tighearnaí talmhan mar gheall gur rugadh ar a gcuid agus bhíodar ar gann-chuid-airgid is tighthe.
    Nuair a cuireadh na daoine as seilbh ní raibh le déanamh aca acht a dul go dtí teach na mbocht agus a saoghal a caitheamh ann go dubhach-bhrónach. Cuireadh Croimbheáil a shaighdiúirí i seilbh na talmhan agus is dócha go bhfuil na tighearnaí talmhan anois bruighthe ó'n gclann sin. Bhí an talamh go saor an t-am sin; ní raibh mar luach ar an ácáir acht dá phinginn go leith.
    Nuair a bhí na saighdiúirí ag imtheacht ó Éirinn dhíol siad a gcuid talmhan do na daoine is ní raibh leó fágtha acht cúpla tighearnaí talmhan. Rinneadh roinn-teacha móra dhíobh agus bhí a lán airgid ag na talamhatheóirí annsin. Bíonn na tighthe ag na daoine agus nuair nár íochtar airgead cuirtear amach iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge