Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0119
  3. XML “An Gabha agus an Cheárta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá trí ceardcha san pharróiste seo fé láthair. Seo h-iad na muintir a bhfuil ceann aca:- O'Ghríobhtha, O'Bheadhtaidhe, agus tá Ghríobhtha mar ainm ar gabhann eile freisin. Dar le daoine agus mar a chuimhin liom is dócha go raibh a mhuintir róimpe 'na ngaibhne.
    Tá an céad ceann in-aice-le'n "Gata Mór Uachtarach"; ceann eile in-aice le Bóthar an Ráibhín, agus an ceann eile in-aice le Bóthar an Óstáir. Ní ceann tuighe a bhíonn ar an gceardchan acht ceann "felt" is adhmad. Bíonn siad án-chóntabhartach nuair a bhríseann dóightéan mór amach. Bíonn doras an-leathan ag an ngabhann agus bíonn sé osgailte i gcomhnuidhe.
    Bíonn ceann teallaigh amháin go híondaúil ins an gceardchan. Bíonn builg déanta d'adhmuid is leathair ag an ngabha ag obair. Ní dhéintear iad seo ann acht déisightear iad ann.
    Seo líosta dhe'na h-úirlisí a bhíonn aige i n-imtheacht a chuid oibre:- builg, inneóin, ord, tairnghí chapaill, crúdh-chapaill, tluagha, sgían réamhráidhe, is sgríobadáir agus casúr. Bíonn fáilte roimh gach aoinne a thagann isteach ann.
    Cuireann an gabha cruidhthe fé capallaigh agus asailibh acht ní chuireann sé cruidhthe fé bhuaibh. Déineann an gabha úirlísí mar seo:- céachtaí, brácaí, ramhainín, sluaiste, pící, agus tuaghann. Bíonn a chuid oibre leagtha amach aige go chruaidh nuair a bhíonn sé 'ghá ndéanamh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. gaibhneacht (~2,389)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Dubhghaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    39
    Seoladh
    Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe