Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0114
  3. XML “Féilí na Bliana”
  4. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainmhidhthe na Feirme -
    Seo h-iad ainmneacha h-ainmhidhthe na feirme:- capall, bó, muc, caoireach, gamhann, asal; tá cearc, gé is sicíní ar n-éan ann. Tá ba ag muintir m'athar in-aice Bhéal Atha 'n Ríogh.
    Tugtar "Blachae" ar "Pholl" atá ann againn. Níl aon adharca uirthi agus sin é an fáth atá ainm "Pholl" uirthi. Nuair a bhionn fear ag tiomáint mbó séard a ndeireann sé ná:- háu; háu; is eile air. Tá "laoigh-fheoil" ann is "tarbh" is "haibhir", mar ainm ar na gamhna nuair a fhásann siad suas. Tugtar "Teach-amuigh" nó "Bothán na mBó" ar dteach na mbó. Tugtar "byre" air I mBéarla.
    Cuirtear féar is rathannaigh chuig na mbó agus tugtar "biadh eallaigh" ar an mbiadh. Tugtar "bales" ar an gléas ceangailte agus bíonn mórán úsáid ar seo. Saghas adhmuid atá ann ins na "bales". Is mó an rud a bhionn le feiceáil mar bíonn siad ag crúdh na mbó.
    Crochtar píosa éadaigh ar earball na mbó ar an gcéad lá de Bhealtaine. Muna ndéanadh é sin ní bhéadh ádh ortha agus bhéarfadh na daoine maithe ar na buaibh. Saghas písreóige atá ann.
    Nuair a bhíonn daoine ag crúdh na mbó uaireannta bíonn siad ag crónán. Cuireann an bhó suim
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Éamónn O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe