Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0112

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0112

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0112
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tagann féilí chugainn gach bhlian agus is mó a chuireann mid suim i bhFéilé Lá 'lé Stiopháin.
    Roimhe Nodlaig bíonn na "múmírí" ag dul ó theach go teach agus bíonn siad gléasta go deas réidh. Bíonn siad ag damhsú is ag sheinm ceóil agus gheibheann siad airgead maith ó na daoine mar gheall ar san.
    Tagann "buachaillí an dhreóilín" ó theach go teach ar bhFéilé Lá 'lé Stiophán. Bíonn dealbh dreóilín aca agus ríbíní is píosá chraoibh air, seo. Bíonn siad ag glaodhach ar amhráin mar seo "An dreóilín, an dreóilín," sé rí gach n-éan". Tá scéal ag baint le sin: - bhí saghas troda idir dreóilín agus fioláir i dtreó's go bhfúigheadh siad amach cé aca b'fhearr ar eitilt. Chuaidh an fioláir suas go hárd san spéir acht bhí an dreóilín ar a dhruim agus bhí an buadh aige san. 'Sé an fáth a dtugtar "Rí na n-éan" air.
    Gheibheann na buachaillí airgead ó na daoine agus annsin téigheann siad abhaile go sásta. Deirtear to dtagann gach "múmírígh" ó Loch Garmáin.
    'Siad na féilí a thagann san mblian ná: - Lá 'lé Bhrighde, lá 'le Phádhraic, An Inid, Máirt na hInide, An Carrghas, Céadaon an Luaithridh, Domhnach na Cailce, Diar Daoin na Comaoine, Aoine an Chéasta, Satharn agus Domhnach na Cásga.
    Lá 'lé Bhrighde: -
    Ar 1adh lá dé'n Fheabhra. Téigheann na cáilíní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann