Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0109
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'Siad na luibheanna is mó a dhéanann díoghbháil ar talamh na hÉireann ná: - an "caisearbhán" neanntóga, agus fásann an "spearmint" i dtalamh fiadháin. Déanann neantóga díoghbháil do'n bharraí mar cabáiste agus srl. Déanann an "caisearbhán" díoghbháil dó'n fhéar. Ní dhéanann "spearmint" aon díoghbháil ar bhith.
    'Siad na luibheanna a fásann i gcré maith:- celéir, liotáis is scaláin; tá leigheas aca seo go léir:- an caisearbhán, neanntóga, "spearmint", celéir, liotáis is scaláin in tslighe áirithe.
    Tá leigheas ann ag caisearbhán chun eitinne. Leigheas ag neanntóga chun tinnis fiachla. Ag "Spearmint" chun slaghdáin in cheann duine. Tá leigheas ag celéir chun scoilteac nó píanta na cnáibh; Ag liotáis chun fuil a chur in duine agus ag scáilín atá an leigheas sin freisin.
    Ólann na daoine a bhfuil curtha ionnta le eitinn an saghas báinne atá sa caisearbhán. Ceaptar go bhfuil sé an-mhaith rómpa sin. Cuirtear an neantóga i bhpota agus cuirtear an t-uisce chun fiachail agus ní bhíonn pían ann aríst. Tá saghas tonic iarann in celéir chun scoilteacha. Tá mórán úsáid ag liotáis chun a chur fola in duine a bhfuil beagain fola ann. Tá an leigheas chéadhna ag scáilín mar a déirtear roimhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Dubhghaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    39
    Seoladh
    Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe