Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0076

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0076

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0076
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dubhairt mo mháthair lion go raibh mórán difrigheachta idir na caitheamh aimsire da bhí ann uair amháin agus atá anois.
    Amuigh faoi'n dtuaith do bhí na buachaillí agus na cailíní go shean-ghnáthach. Ní raibh dhé chaitheamh acu acht a bheith ag sealgaireacht nó ag breitt ar coiníní mar sin dhé. Do bhí mórán hoibre le déanamh acu agus mar gheall ar san do fhásadar suas 'na sean-daoine go shean-ghnáthach mar a dhearfainn-sé cheanna.
    Is é an caitheamh aimsire do bhéadh ag na leanbhaí san gcathair acht a bheith ag déanamh siopaí bheag mar bhí tráchtáil go mhór mór-thimcheall ortha agus 'sé chúis amháin é. Annsin bhéadh siad ag déanamh "Scipáil" le rópa agus bheadh na buachaillí ag déanamh rudaí a theastóchadh leó in ngach chaoí. Dhéanfadh siad topaí do adhmuid agus bádaí bheaga agus mar sin dhé. Do bhéadh siad curamach 'ghá ndéanamh agus bhíodar molta suas go mór ón a dtúismightheóirí.
    Anois ní bhíonn gadh le buachaillí rudaí a dhéanamh sa mbaile acht ghéibheann siad féiríní agus rudaí mar a chéadhna ó'n tsiopaí. Is minicighe a bhíonn mé ag déanamh bréagán sa mbaile agus amannta bíonn siad go dheas. Dubhairt mo mháthair liom go raibh na caitheamh aimsire fadó níos fearr ná na caitheamh aimsire anois, agus is dócha go gceapann a lán daoine an smighe chéadhna.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann