Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)
- Suíomh:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
- XML Leathanach 0039
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)talaimh leis an luas an bhíos sé ag rith agus as sin freisin bhí sé caileamhail in Eireann.
- Cruadhtan
Do bhris an long ar a dtugtaí an Clú Baigh ar na carraigreacha i gcuan na Gaillimhe idir an teach-soluis agus an áirt ar a dtugtaí anois Carraig Margériet. Do bhí an long ag teacht isteach san gcuan agus ní raibh fhios ag an gcaiptín go raibh carraigreacha ann agus rith an long suas ortha. Do bhí gual ins an long agus cailleadh a lán dhé. Chuaidh an long ar a thaobh agus caitheadh cuid maith des na daoinibh amach san uisce.
Moladh le Dhia! Níor bádhadh einne aca ann agus chuaidh na daoine ins na bádáibh shábhálta agus bhíodar in-ann teacht isteach i duganna Gaillimhe. Bhí áthas ortha thar éis iad a bheith i mbéal bháis. Do rinne na daoine ó Ghaillimh iarrachtaí ar an ghual a shábháil agus bhíodar in-ann é san a dhéanaimh. Do rinneadar an-mhaitheas ar an long aríst agus chuaidh siad amach as an gcuan aríst.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraig O Dubhghaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádhraig O Fathaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe