Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Suíomh:
- Baile Nua Mhic Gabhann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr M. Colmán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar ócáidí speisialta. Dá mbeadh beirt a'dul a'pósadh chathfeadh siad éadaigh speisialta. Bíonn sgiortaí dubh-ghorma ar chuid de na mná, cinn donna ar chuid eile aca, de réir mar a thaithneochadh leo. Bíonn cultacha dubha, cinn donna, cinn ghorma, agus dathanna mar iad ar na fir. Bíonn hataí ar chuid de na fir, caipíní ar chuid eile aca, agus bíonn seáltaí ar na mná.
Fadó nuai bhiodh beirt a'dul a'pósadh, caitheadh an fear brísté glúnach, casóg-sgiorta agus hata árd, agus chaitheadh an bhean sgiorta dugh-ghorm agus seál breac. Má bhíonn féasta anois indhiadh na bainfheise caitheann gach duie an t-éadach is fearr a bhíos aca. Bíonn áthas an domhain ar chuild dhuine agus maidir leis an lánamhn ní bhíonn cinn ar bith leó sin, elis an áthas agus an leithead a bíos orra. Ceapann siad nach mbeadh lá eile le maireachtáil aca, ach ní milleán orra é, mar ní bhíonn mórán eile laethanta aca mar an lá sin aca.
Ach bíonn a mhalairt de sgéal aca lá sochraide. Bíonn seáltaí dubha ar na mná agus ar chuid de na fir. Bíonn cultacha dubha. Caitheann siad iad sin le cómh-bhrón a dhéanadh le gaoltaí an duine mhairbh.
Bíonn culaith le h-aghaidh an Dómhnaigh i's culaith le h-aghaidh an luain ag na daoine anois. Gach Dómhnach caitheann na fir cultatha dubha, cinn donna, nó cinn gorma. Caitheann na sean-mhná sgiortaí dubh-ghorma, agus seálta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Stiophán Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe