Scoil: Béal Cláir (B)
- Suíomh:
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál S. Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Cláir (B)
- XML Leathanach 0353
- XML “Fiannaíocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá ghabhamar go seas'lach Teamhrach
Is fada lionmhar a bhí ár gcómhlucth
A dul ar cuireadh cuig Cuinn Mic Airt
An fear a bhí 'na rí ar Éirinn 'na Árd FlaithTeachtaire thaínic chughainn go Gulban thiar
Go Mac Móirne groidhe na Sead
A ráidte linn dhul go Teamhair an Bhidh
Agus gan aon arm na sgiath beith againn feín A Ghoill, a Laoigh, a ráidteas Conán
Bí ar coimeád ar daoine na mbréag
'Á mbeadh a n-aghaidh ag gáiridhe leat
Go dtiubhraidís an croidhe is sgamhóga amach ar do thaobhMar dtéighteá ar cuaird ar tigh do dhriothár
An cara is giorra dhuit fó'n ngréin
Ar fhaitchíos buadha do namhad
Biódh airm greamuighthe go teann faoi do sgéith Tá sgian agam-sa féin a Ghoill a dhriothair
A bheireann buadh léi as gach gleo
Se is ainm dí an Chrain Gáibhtheach
Tabhair leat í ingan fhios do chác faoi'd' chorróig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál S. Ó Mainnín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Each
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Dóite Thiar, Co. na Gaillimhe