Scoil: Béal Cláir (B)

Suíomh:
Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál S. Ó Mainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0027, Leathanach 0323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0027, Leathanach 0323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Cláir (B)
  2. XML Leathanach 0323
  3. XML “Seán Boy”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seán Boy.
    Ba dhoiligh a rádh an chéad lá riamh cé'r b'é Seán Boy nó céard as a dtáinic sé. Ach marcach mar é níor chuir cos riamh sa Teach Mór thiar igCaisleán Áicéad, agus beidh iomrádh air go deo sa cheanntar.
    Tá daoine ann a deireann gur facthas go'n chéad uair é láimh leis an Creagán is an Caiptín (fear an tighe mhóir) a tigheacht abhaile ó féasda annsin Tá siad so ann freisin a deireann gur lean sé searrach óg a ceannuigh an Caiptín ag an gCurrach.
    Bhí búrla ar a dhruim ag Seán Boy an oidhche so áirithe nuair a sgoith sé múta go dtí an bóthar mór gar do'n Creagán thoir. Bhí sé bacach, tanaidhe agus é ana shnoighte a' breathnú. Lean sé an Cóisde go geataí Caisleáin Aicéid ach níor chuir an Caiptín cronaigh ar bith ann, arae, bhí lucht déirce chomh flúirseach sin, san ochtmhadh aois déag.
    Ba bhrónach an mac an Caiptín an oidhche sin. Bhí saoghal rabairneacht na h-ochtmhadh aoise déag ag goileamhaint go mór ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál S. Ó Mainnín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Roibeárd Ó Ceannaig
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Mainnín
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal Chláir, Co. na Gaillimhe