Scoil: Beárna Dhearg (B) (uimhir rolla 14633)

Suíomh:
Bearna Dhearg, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Flaithrí Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0026, Leathanach 0118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0026, Leathanach 0118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Beárna Dhearg (B)
  2. XML Leathanach 0118
  3. XML “An Reilig - Cilliaraorthan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá dhá reilig sa paróiste, Cill-ar-Aorthann atá mar ainm ar an ceann fé leith seo. Tá sé leath-thaobh (?) na Cille, ag an taoibh thoir dí. Tá sé cearnógach. Tá fothrach Cille i gceart lár dí - acht ní feidir aon duine atá beo a radh agus ní feidir aon tuairisg le faghail cé thoghadh í.
    Tá an reilig fanaidh. Gabhann an fanaidh thoir. Tá cuig is fichidh sean tuambaí ann. Tá cúma ceána ar gach ceann acu. Tá siad go leir clúduighthe le cloc mór cearnógach, agus tá ainmneacha na (?) sgriobhtha ar an gcloc seo. Tá cuid acu suas le dhá céad bliain.

    Cloc Órnáideach
    San reilig seo tá cloc fé leith ag ceann uaige. Tá an cloc seo ceithre-orlaigh deag ar fhaid, agus dhá orlaigh i leitheadh.
    Tá cat le dhá ruball geárrtha amac as an gcloic seo, agus tá sceál faoi den sgríobhta le ceann de na buacaillí san leathanach eile de'n leabhar seo.
    Chuala mé sgéal ina thaoibh. Bhí triúr ag taistil na tíre uair. Cuireadar futha i dtig ar bun Ardán na Cille. Bhí ceann acu marbh ar maidin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge