Scoil: Scoil Bhríge Naofa (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Máire Ní Loideáin Nóra, Bean Uí Longhaile

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0400
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí táilliúir in a chómhnuidhe taobh thiar de Ghaillimh. Thagadh sé aníar an taobh seo ag déanamh éadaigh. Ní théigheadh sé abhaile go dtí Dia Sathairn. Bhí sé ag cúirtéarach le cailín óg an taobh seo de'n loch. Bíodh sé ag rúdh i gcomhnuidhe leis an gcailín óg "dá mbeirtheá thiar d'fhantá thiar." Ghléas sí suas i fhéin maidin Satharn. Thug sí máilín léithí faoi na h-ascail, sean clóicín ar a brághaid. Chuaidh sí siar trí Ghaillimh. Bhí sí ag cur tuairisge an bhaile in ar chómhnuigh an táilliúir. Fuair sí amach teach an táilliúra, d'iarr sí lóisdín ar mháthair an táilliúra , d'fhág sí istigh í.
Bhi athair an táilliúra ins an teach freisin agus é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Muirréad Ní Chrábháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seághan de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe