Scoil: Caisleán hAicéid
- Suíomh:
- Caisleán an Haicéadaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: S. Ó Floinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gabha ann fadó gurbh ainm dó Seáinín. Tháinic ár Slánuightheóir isteach chuig an gceárdchain chuige lá agus asal aige. Dubhairt Sé le Seáinín crúidhte a chur fé'n asal dó. Do chuir an gabha na crúidhte fé'n asal, agus nuair a bhí sin déanta aige dubhairt ár Slánuightheóir leis na trí rudaí a bfhearr leis a iarraidh Air agus go bhfuigheadh sé Uaidh iad, "agus ", ar Seisean, Ná déan dearmad ar do anam,"
"An chéad rud," arsa Seáinín, "An chéad duine a shuidhfidh ar an gcathaoir é do cheangal innti", " Cad mar gheall ar do anam." ars ár Slánuightheóir. "Bíodh an t-anam ar an mhéir fhada" arsa Seáinín. "An dara rud", arsa an gabha, "Mo phócaí a bheith lán d'óir agus d'airgead i gcómhnuidhe." "Cad mar gheall ar do anam, " arsa ár Slánuightheoir. " Bíodh an t-anam ar an mhéir fhada, " arsa Seáinín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mary Burke
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Edmond Burke
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe