Scoil: Cloidheach (uimhir rolla 12090)
- Suíomh:
- Claídeach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Úna Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloidheach
- XML Leathanach 0119
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní bhíodh acht trí béilí sa lá ag na daoine fadó - an céadphroinn, an dinnéar agus an suipéar. Ithtí an ceadproinn timceall a naoí a chlog agus is minic a bhíodh deich bearta arbhair nó coca féar bainte ag fear roimhe, Ar a h-aon a clog a bhíodh an dinnéar aca agus bhíodh an dinnéar aca ar a seacht nó a h-ocht a clog sa tráthnóna. Uaireannta bhíodh tae ag na sean-daoine - go mór mor ag na mná - tréis breicfeasta i ngan fhios do na daoine óga.
Min buidhe agus bláthach mó leamnacht a bhíodh aca i gcomhair an chéadphroinn. Fataí agus bainne i gcomhair an dhinnéir agus leite i gcóir an t-suipeir. Nuair a bhíodh duine af dul go dtí an t-aonach nó ar turas nó ag dul ag obair i bfad ó baile cuirfeadh sé fataí sa teine an oidhche roimhe sin agus iteadh sé iad ar a turais. "Cast" fataí a tugadar ar sin.
Ní itheadh na páisdí ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Aodhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Claídeach, Co. na Gaillimhe