Scoil: Cathair Loisgreáin (C)
- Suíomh:
- Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Nic Aodha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cathair Loisgreáin (C)
- XML Leathanach 0577
- XML “Fear a Bhí ag dul go Cill Coinnigh le Asalaibh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear A Bhí Ag Dul Go Cill Coinnigh Lé Asalaibh.Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag dul go Cill Coinnigh lé asalaibh. Casadh ceannuightheóir ar an mbealach leis, agus d'iarr sé air cé mhéid ar asal. Cúig phunt, ar seisean. Nach bhfuighinn dhá asal ar cúig phunt i gCill Coinnigh, agus ná bí ag innseacht do chuid bréagaí domsa. Ar chaoí ar bith do dhíol sé íad leis an ceannuightheóir. Chuaidh sé go Cill Coinnigh agus bhí sé ag ól, agus ag ól nó go raibh sé ar meisge, agus thuit sé in a chodladh.
Niorbh fhada gur tháinig fir isteach a bhí ag baint gúail taobh amuigh de'n bhaile. Thug síad leo é nó gur chur síad sios é i bpoll an ghúail. Núair a dhúisigh sé, shil sé gur in Ifrinn a bhí sé. Ghlaodh sé go h-árd agus d'iarr sé orra cá raibh sé, agus d'freagrair [!] síad tá tú in Ifrinn. Bhfuil aon teacht as ar bith ar son Dé. Tá, núair a ólfas tú uisge h-Ifrinn, agus cúig sgilling a íoc freisin. Tháinig sé as ar chaoi ar bith. An Dómhnach ar gcionn bhí seanmóint ag an sagairt, a rádh leis na daoine, an té a rachas go h-Ifrinn níl aon teacht as. Bhí an fear ann, agus sheas sé súas, agus dubhairt sé, bhí mise in Ifrinn agus tháinig mé as núair a dól mé uisge h-Ifrinn agus núair a díoc mé cúig sgilling.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Mhanacháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Maolruaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Domhnach Pádraig, Co. na Gaillimhe