Scoil: Cathair Loisgreáin (C)

Suíomh:
Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Nic Aodha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0567

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0567

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Loisgreáin (C)
  2. XML Leathanach 0567
  3. XML “Scéal - Páidín Ó Ceallaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal - Páidín Ó Ceallaigh.
    Bhí fear in a chómhnuidhe i gCill Bheoláin darbh ainm Páidín O Ceallaigh. Lá amháin chuaidh sé go dtí an margadh ag díol mála coirce. Ní raibh aon clog acu san teach agus d'eirigh sé ar úair an mheadhon oidhche. Bhí an gealach san spéir, agus shíl sé go raibh sé in a lá. Ag dul síos do ag ceann a bhóithrín atá taobh shuas do a teachsa, casadh duine uasal breagh dhó. Diarr sé dhó cá raibh sé ag dul. Dubhairt Páidín go raibh sé ag dul go dtí an margadh ag díol an mála coirce a bhí ar dhruim a capall aige. "An ndíolfadh liomsa é a Pháidin." ars an duine uasal. "Díolfadh" arsa Páidín. "Cé mhéad atá sé ag dul ag an margaidh" a Pháidín. "Deich bpighne" a dhuine uasal ars Páidín. "Tiubhraidh mise sgilling duit, ach go dtiocfadh tú liom abhaile leis." "Tiocfadh mé leat arsa Páidín, agus fáilte a dhuine úasal." "Tar uait anois a Pháidín agus na déan iongnadh do rud ar bith a fheiceas tú." "Déanfaidh sin a dhuine úasal" adeir sé. D'imthigh leo annsin, agus ní fhaca Páidín aríamh a leitheid do rudaí bréagh gur chonnaic sé.
    Núair a tháinig síad go caisleán an duine uasail, cuireadh capall Páidín isteach, agus tugadh é fhéin i bpárlús bhreagh, in áit a raibh teine breagh agus solus. Shuidhe Páidín síos ag an teine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Duibhgiolla
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó hUigín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cill Mhothlan, Co. na Gaillimhe