Scoil: Cathair Loisgreáin (C)

Suíomh:
Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Nic Aodha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0498

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0498

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Loisgreáin (C)
  2. XML Leathanach 0498
  3. XML “An Sián - Between Beaghbeg and Killamonagh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Sídheán.
    (Between Beaghbeg and Killamonagh.)
    Tá clais mór san sráid bhaile seo ar a dtugtar sídheán air. Deirtear go raibh na sídheóga in a gcomhnuidhe ann fadó. Maidín amháin, bhí bean as Cill na Manach ag dul go Tuaim ag díol ime. An tam sin, ní raibh cluig ar bith ag daoine, agus ní raibh fhios ag an bhean ce'n tam de'n oidhche a bhí ann. Ar uair an mheadhon oidhche, d'eirigh sí, agus as go bráth lei, chuig an margadh. Nuair shrois sí an sídhean bhí fear annsin roimpí. D'fhiafruigh sé dí cá raibh sí ag dul, agus d'innis sí a sgéal dó. Ceannóchaidh mise an t-im sin, adeir sé, tar isteach annseo. Lean sí é, agus faoi cloch mhóir bhí teach bréagh aige agus isteach leis annsin. Chuala sí an béacadh agus an gáire taobh istigh, agus tháinig seisean ar ais tar éis tamaillín. Thug sé luach an ime dí, ach dhubhradh léi, gan rud a cheannacht leis an airgid sin, agus gan a theacht amach an t-am sin de'n oidhche arís.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pól Ní Hódach
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Hódach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe