Scoil: Cathair Loisgreáin (C)

Suíomh:
Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Nic Aodha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0496

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0496

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Loisgreáin (C)
  2. XML Leathanach 0496
  3. XML “Cailín leis na Siógaibh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cailín leis na Sídheógaibh.
    Bhí cailín ann fadó agus ghoid na sidheóga í oidhche amháin. Tamall in a dhiaidh sin, bhí fear, Padraig Ó Buigheall (Patrick Boyle) a bhí in a comhnuidhe i Sruthair ag teacht ó Áth Cinn. Chuala sé an cailín ag caoineadh taobh istigh de'n bhalla.
    D'fhéac sé isteach agus chonnaic sé beirt fhear ag iomchur cónra. Nuair a chonnaiceadar an fear d'fhág síad an cónra síos agus d'imthigheadar.
    D'fhosgail an fear é, agus céard a chonnaic sé ann acht cailín bréagh áluinn, agus thug sé isteach go dtí a theach í. Annsin chuir sé síos teine maith, agus niorbh fhada go raibh biseach uirri. I gceann seachtmhaine pósadh sé an cailín sin.
    Sé bliadhna in a dhiaidh sin, bhí a dearbhrathara ag dul go dtí an aonach i gCill Meadhon, agus chuaidh siad isteach go dtí an teach sin chun dinnéir a fhághail. Nuair a chonnaiceadar an bhean dubhairt ceann aca dón ceann eile, "Nach bhfuil an calín [!] sin cosamhail le ár deirbhshiur, Máire." Nuair a tháinig fear an tighe isteach, d'iarr síad air cérbh í, agus d'innis sé an sgéal ó thús go deire dhóibh, agus an caoi a bhfuair sé í ins an cónra. Dubhradar go raibh sí ar iarraidh go ceann sé bliadhna, agus bhí áthas mór orra go léir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad de Róiste
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Tomás de Róiste
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    Omain Mhóir, Co. na Gaillimhe