Scoil: Cathair Loisgreáin (C)
- Suíomh:
- Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Nic Aodha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cathair Loisgreáin (C)
- XML Leathanach 0489
- XML “Sprideanna i nDeilbh Ainmhithe - Bean in Éadaí Bána”
- XML “Sprideanna i nDeilbh Ainmhithe - Sprid i bhFoirm Feochadáin agus Mná”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an [!] mheadhon oidhche, do lean bean í, agus bhí sí gléasta in éadaigh bána. Do lean sí é, go dtáinig sé chomh fada leis an Bothair Thuama. Do rith an capall chomh tapaidh is a bhí sé in ann. Do rith sé mar sin go dtáinig sí chomh fada le droichead. Annsin, do chaith an bhean an sgian in a dhiaidh agus dubhairt sí go raibh an t-ádh air. Nuair a tháinig sé abhaile, do luigh an capall síos, agus d'fhan sé in a luighe mar sin ar feadh seachtmhaine agus annsin fuair sé bás. Bé an capall a shábháil a mhaighistir.
- Sprid i Bhfuirm Feochadáin agus Mná.Oidhche amháin, bhí fear ag teacht ó cuairt. Ag teacht ó imirt cártaí a bhí sé. Tomás Ó Breathnach a bhí mar ainm air. Nuair a bhí sé tuairim is leath míle ó an bothar atá ag dul go Tónacooleen, chonnaic sé feochadán mór i lár an bothair. Thug sé buille dó, do lean an feochadán go dtí an taobh eile de'n bothar, agus tháinig sé amach i bhfuirm mná. Do lean sí é, ag rith ar a dithceall go dtáinig sé chomh fada leis an tobar, agus dimthigh sí ar an bpoinnte. Bhí faitcíos mór air agus níor fhan sé amuigh go deireannach aon oidhche eile.
- Bailitheoir
- Cairlín Ní Dhiarmada
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac Diarmada
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- Cill na Manach, Co. na Gaillimhe