Scoil: Cathair Loisgreáin (B)
- Suíomh:
- Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic de Chlár
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cathair Loisgreáin (B)
- XML Leathanach 0264
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó darbh ainm do Gulas (???). Oidhche Shamhna áirighthe bhí sé ina shuidhe i ngar do'n teampall agus na sidheoga chuige. Dubhairt siad leis a dhul go dtí an Róimh leo féin agus go raibh ingean an Ríogh le dhul a posadh ann agus dhó bhfágadh (bhfuigheadh(bhfagadh) sé féin lámh uirri go mbéadh sí aca féin. "Tá go maith", arsa Gulas, agus thug siad capall do Ghulas agus ní fada gur shroicheadar an Róimh.
Bhí an bhainfhéis i dtigh an Ríogh agus chuaidh Gulas isteach agus d'fhág sé a lámh ar an gcailín a bhí le pósadh agus sguab sé leis í. Thug na sidheoga Gulas abhaile arís agus nuair a shroicheadar an teampall dubhairt siad leis a dhul abhaile agus go mbéadh an bhean aca féin.
"Ní bheidh," arsa Gulas, is fearr a shaothruigh mé féin í na sibhse".
"Tá go maith," arsa na sidheóga "ach ní bheidh focal cainnte aici go deo". Thug sé an bhean abhaile go dtí a mháthair agus bhí an mháthair an ?? Bliain ón oidhche si bhú Gulas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Raghallaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- John Rielly
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill na Manach, Co. na Gaillimhe