Scoil: Cathair Loisgreáin (B)

Suíomh:
Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic de Chlár
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0222

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0222

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Loisgreáin (B)
  2. XML Leathanach 0222
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Dá mbeadh "sty" i do shúil . . .

    I
    Dá mbéadh "sty" i ndo shúil agus dó leigtheadh an deor (an sty) le deilg crainn spionáin níú thiocfadh sty indo shuil go deo agus do leigheasfadh sé an tsúil.
    II
    Fáigh alp luachaire (ligani[?]) agus cimil de do theanga é. Annsin má dhóighteas éinne beidh tú i n-ann an duine dóigte do leigheasú ach do theanga a chimilt de'n spota dóighte.
    III
    Fáigh seilmeide agus biorán sabhála. Cuir poinnte an bhioráin tre iorball tighe na seilmeide. Na braonacha a thuitfeas leig iad a thuitim ar an bhfanú (trí braonacha a thuiteanns amach) agus leigheasann iad san an fanú.
    IV
    Fáigh giota féola; caith san aoileach é, go mbeidh sé lobhta. Annsin tóg as an aoileach é agus fágh ar an bhfanú é agus imtheochaidh an fanú agus ní mór an fheóil a ghoid as teach dhuine eile.
    V
    Téigh isteach go dtí teach an ghabhainn (go dtí an ceardcha. Fáigh braon uisce as an dabhaig cloiche ann, cuir ar do chois é na bhfuil an fanu agus imtheochaidh an fanú.
    Fuaireas iad seo thuas ó na macaibh leiginn sa scoil. P. de Chlár
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
          1. leigheasanna ar ghalair ar dhaoine
            1. sleamhnáin (~76)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. de Chlár
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Mic Léinn