Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0026
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán Ó Chuinneagáin. 2. Bunantobair Corrandulla Gaillimh. 3. Bliadhain. 4. feilméar. 5. Bunantobair.
An chaoí a rinne Ruchard De búrca a saidhbhreas. bhí fear bocht ann fadhó da'r b'ainm De búrca. An t-am sin theidheadh daoine thart ag innseacht do dhaoine eile ar áiteacha a bhfuigheadh siad airgead. Tháinig fear chuig Ruchard De búrca agus dubhairt sé leis ah dhul go droichead mór luimnigh agus a bheith ag suibhal síos is suas an droichead go ceann trí lá agus go ndéanfadh sé a saidhbhreas as
Chuaidh Ruchard ann is bhí sé ag suibhal síos an droichead ar feadh trí lá. bhí gréasaidhe ag obair ag ceann an droichead agus bhí sé ag féachaint air ag siubhal síos is suas an droicead agus cheap sé gur amadán a bhí ann. Sa deireadh d'fhiafruigh sé dhe ce'n fáth a raibh sé ag siubhal mar sin agus d'innis sé an sgéal dhó ó thús go deireadh. "Gabh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe