Scoil: Currach

Suíomh:
An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An Bráthair Joachim
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0096

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0096

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Currach
  2. XML Leathanach 0096
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal Grinn
    Chuaidh fear go dtí Americá uair amháin. Chuaidh sé go Cathar Nua Amhrach. Ní raibh sé ariamh ann roimhe sin. Bhí iongnadh air, nuair chonnaic sé na tighthe móra breághtha. Chonnaic sé fear ag féachaint amach tré fuinneog, agus thosuigh sé ag cainnt leis. "Nach breágh na tighthe sa chathair séo" ar seisean. "Is breágh" ars an fear eile "acht níl ionnta ach stáblaí i gcomh mheas leis na tighthe sa cathair eile" "Bhí mé ag ceapadh é sin" ar seisean "nuair chonnaic mé an asal ag féachaint amach tríd an bhfuinneóig. Ní raibh aon airgead ag an bhfear seo, agus ní raibh fhios aige cé'n chaoi a gheobhfadh sé bidh. Chonnaic sé siopa agus bhí a lán buillín ar an bhfuinneóg. Bhí triúr buachaill ag imirt taobh amuigh de'n siopa. D'iarr sé ortha rása a rith, agus an duine a gheobhfadh an bhuaidh thiubhradh sé sgilling dó. Ritheadar, agus chaith an fear cloch tríd fuinneóg an siopa. Tháinic an siopadóir amach, agus dubhairt sé "cé caith an cloch tríd an bfuinneóg." "Féach na buachallaí ag rith" ars an fear. As go bráth leis an siopadóir indhiaidh na buachallaí, agus chuaidh an fear isteach sa siopa, agus dith sé a shaith de na builíní.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal Grinn
    Bhí feilméar in a gcomhnuidhe i dteach ar thaobh an bhóthair. Bhí capall maith aige. Bhí poitín sa teach aige freisin. Ní raibh cead ag duine poitín a bheith sa teach. Lá amháin d'fhéach sé amach an bhfuinneóig agus chonnaic sé na gárdaí ag teacht. Rug sé ar umar an poitín, agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT1911A: Horse's New Backbone
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Pléamann
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chloch Theas, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Pléamann
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chloch Theas, Co. na Gaillimhe