School: Currach

Location:
An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0085

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0085

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0085
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Lá Fhéile Bríde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    púicín uirrí, agus d'éaluigh siad amach. Bhí sí ag cuardach annseo is annsiúd ar fud an tighe, agus níor fhéad sí iad a fhághail. Sa deireadh tháinic a fear isteach, rug sí air, agus dubhairt sí "Chaithfidh tú é a íoc" "Céard tá ort" ars an fear. Annsin bhain sí an púicín dí, agus d'innis sí an sgéal dó.
    An lá in a dhiaidh sin chuaidh an th-Eireannach isteach i dteach ósta eile. Shuidh sé síos ar cathaoir. Tháinic fear go dtí é agus dubhairt sí [!] "céard a bhéas agat" "Aon rud is maith leat" ars an t-Éireannach. Fuair sé béile breágh agus d'ith sé é. Nuair a bhí sé ithte aige d'iarr an fear an t-airgead air. "Níl aon airgead agam" ars an fear eile. "Cé'n fáth ar tháinic tú isteach annseo gan airgead" arsa fear an tighe. "Níor iarr mé aon rud ort" ars an t-Éireannach." "Leigfidh mé thú amach an uair seo." Chuaidh sé amach, agus d'innis sé a sgéal dó'n Sasanach. Chuaidh sé isteach, agus fuair sé béile. Nuair a bhí sé ithte aige d'iarr fear an tighe an t-airgead air "níl aon airgead agam", ars an Sasanach. Thosuigh an fear eile ghá bhualadh go raibh sé tuirseach. Ní dheachadar isteach i siopa in a dhiaidh sin gan airgead.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bíonn lá Fhéile Brighde ann ar an céad lá de Mhí na Feabhra. An oidhche sin bailigheann seachtar fear le céile. Cuireann triúr díobh éádaigh mna ortha agus féasóga, agus cuireann an ceathrar eile sean-éadaigh agus rópa tuighe thart timcheall ortha. Gheibheann siad béalorgán agus bosca. Téigheann siad ó theach go teach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinsias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe