Scoil: Currach

Suíomh:
An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An Bráthair Joachim
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0071

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Currach
  2. XML Leathanach 0071
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an taobh eile chualadar guth ag rádh "tabhair congnamh dhom." D'fhéachadar isteach san abhainn, agus chonnaiceadar bean bhocht ag iarraidh teacht treasna na habhann. D'imthigh na buachallaí go léir ach ceann aca. Chuaidh sé isteach san abhainn agus chuir sé an bhean suas ar a dhruim, agus thóg sé amach as an abhainn í. Bhí a chuid éaduigh salach annsin, agus cheap sé nach d'tiubhradh Fionn é ins na Fianna. Chuaidh sé go dtí na Fianna, agus thosuigh Fionn ag moladh é, mar gheall ar an ngníomh a rinne sé. Thug Fionn ins na Fianna é, ach níor thug sé na buacallaí eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí a lán daoine ins na Fianna, agus bhí Fionn i gceannas ortha. Bhí mac ag Fionn darb ainm Oisín. Lá amháin bhíodar amuigh ag fiadhach, agus chonnaiceadar cailín aluinn ag teacht chuca ar capall bhán. Nuair tháinic sí go dtí iad tháinic sí anuas de'n chapall, agus chuir na Fianna na mílte fáilte róimpí. D'iarr Fionn uirrí cé'n ainm a bhí uirrí, agus cá raibh sí ag dul. Dubhairt sí gurbh í Niamh Cinn Óir a ainm, agus gur tháinic sí chun Oisín a thabhairt léi go Tír na nÓg. Annsin d'fhág Oisín slán dá athair agus do na Fianna eile. Chuaidh sé suas ar an gcapall leis an gcailín, agus as go bráth leo go Tír na nÓg. Ar a mbealach d'innis Niamh Cinn Óir le Oisín fá Tír na nÓg, agus nach d'tiocfadh aois ar aoine ann. Nuair shroiceadar an tír bhí iongnadh an domhain ar Oisín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinsias Ó Cearbhaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cearbhaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe