Scoil: Currach

Suíomh:
An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An Bráthair Joachim
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0069

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Currach
  2. XML Leathanach 0069
  3. XML “Lá Fhéile Mártain”
  4. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíonn lá Fhéile Mártain againn ar an aonadh lá déag de Mhí na Samhna. Marbhuightear gé nó lachan nó coileach nó caora. Is é coileach a marbhuightear timcheall na h-áite seo. Déantar cómhra na croise ar chúl d'en doras le cuid dá fhuil, agus sgaiptear an cuid eile in gach coirnéal de'n teach. Déantar sin in onóir na Féile.
    Bhí Naomh Mártan in a Easbóg sa Tours sa bhFrainnc. Bhí sé in a Easbóg nuair bhí Padraig an-óg. Ní castar na muilleann lá Mártan. Deirtear gurb é Mártan earlamh na muilneóirí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Mártain (~177)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinsias Ó Cearbhaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cearbhaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe
  2. Bhí long ag dul go dtí Americá uair amháin. Tháinic iasg mór millteach in a dhiaidh. Bhí faitchíos an domhain ar na daoine a bhí istigh. Chaitheadar bó amach dó. D'ith sé í. Níorbh fhada go raibh sé in a dhiaidh arís. Chaitheadar amach stól dó, agus slug sé síos é. Tháinic sé in a dhiaidh arís. Chaitheadar amach buicéad dó, agus slug sé síos é. Tháinic sé in a dhiaidh arís. Ní raibh aon rud eile aca, agus chaitheadar gasúr amach dó. Slug sé síos é. D'fhan sé in a dhiaidh go shroicheadar Americá. Chuaidh an t-iasg isteach sa talamh, agus fuair sé bás. D'fosgladar é agus chonnaiceadar an gasúr in a shuidhe ar an stól agus ag bleaghadh na bó isteach sa mbuicéad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.