Scoil: Cúl Árann (Clochar)

Suíomh:
Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0020, Leathanach 0051

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0020, Leathanach 0051

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl Árann (Clochar)
  2. XML Leathanach 0051
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
  4. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Gealach leath bháidhte cosamhalacht aimsear briste. Fáinne thart ar an ngealach cosamhalacht aimsear stoirmeamhail. An ghealach a bheith dearg cosamhalacht sioc. Dá meadh an gaoth géar ó Thuaidh cosamhalacht sioc é, Siar ó Dheas cosamhalacht citheanna croma agus goath ó Dheas báisteach. Cosamhalacht droch aimsear na fainleogaí a bheith ag eiteal íseal agus mé thagann an spideog taobh amuigh de'n fhuinneog tá cosamhalacht sneachta air. Gandal in a sheasamh ar leath chois cosamhalacht sioc.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Seoighe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Seoighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe
  2. Nuair a bhíonn na faoileáin ag eiteall go bun na spéire deirtear go mbeidh droch aimsear againn.
    Nuair a bhíonn spotaí dorcha timcheall na gealaighe deirtear go bhfuil bríseadh san aimsear
    Nuair a bhíonn an gaoth anoir bíonn stoirm againn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.