Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An dara lá chuaidh an dara fear ar scoil. Nuair a chonnaic an bheirt eile ag teacht chun an tighe é tráthnóna ritheadar amach 'na coinne.
"Boil, ar fogluim tú aon Bhéarla ? " ar siad leis.
"D'foglum", ar seisean, "cuid mhaith".
"Maise abair duinn é agus go gcuiridh Dia an t-ádh ort," arsan mbeirt leis.
"For the want of money", ar sise.(sic)
"For the want of money", arsan bheirtagus iongnadh orra. "Cén ciall atá leis sin".
"Ná fiafruigh díom," arsan dara fear, "Tá mise dall air".
"Is cuma sin acht is breágh an Bhéarla é".
"Rachaidh mise ar scoil ambárach agus beidh Béarla agam chomh maith le ceachtar agaibh-se." Chuaidh sé ar sgoil. Nuair a tháinig sé abhaile. "Bhfuil mórán agat", arsan bheirt eile. "Ní raibh ann acht dhá fhocal eile agus tá siad sin agam".
"Abair iad," arsan bheirt.
"All right," ar sé.
"Is breágh an cainnt í", arsan bheirt.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáith Nic Ghraith
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Mac Graith
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo