Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba

Suíomh:
Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
M. A. Ó Mathghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
  2. XML Leathanach 016
  3. XML “Seán na Sagart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall na sémhadh aoise déag an tam a bhí na péin-dlighthe i n-Éirinn do chomhnuigh fear i mBaile an Tobair arbh ainm dó Seán Maoldónaigh. Do chuir na daoine timcheall na h-áite leas-ainm air. An tainm do chuir air ná Seán na Sagart. An fáth air chuir siad an leas-ainm sin air ná, mar do thabhairfeadh na Sasanaigh cúig púnt do aon a raibh indhon sagart a mhairbheadh agus an ceann a tabhairt doibh, agus an stóil freisin. Nuair do chuala Seán é sin bhí áthas an domhain air, agus thosaigh sé ag mairbhuigheadh gach sagart a chonnaic sé. Sin é an fáth ar chuir na daoine an leas-ainm air.
    Seo é an sceál faoi Seán na Sagart thíos agus an chaoi ar mairbhuigheadh é.
    Lá amháin bhí Seán ag leigint air go raibh sé an-tinn ar fad, agus dubhairt sé la na dhriothfúr a dhul go dtí an sagart, go raibh sé ag fagháil bháis.
    Do chuaidh a dhriothfúr go dtí teach an tsagart. Nuair a bhí sé imthighthe do léim Seá amach as a leabaidh agus fuair sé scian.
    Bhí faitchíos ar an sagart a dhul go dtí teach Sheáin, acht taréis tamaill déirigh sé misneamhail, agus chuaidh sé go dtí an teach na raibh Seán.
    Nuair a bhí na sailm dhá rádh ag an sagart, d'éirigh Seán as a leabaidh, acht bhí an sagart comh-tapaidh leis agus rith sé amach an doras, agus Seán n-a dhiaidh. Bhí an bheirt aca ag rith comh-tapaidh is féidir leotha. Tháinig siad go sruth beag agus léim an sagart thar an sruth. Do chaith Seán an scian i na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Seán na Sagart (~51)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mrs T. Glynn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo