Scoil: Eaglais

Suíomh:
Boirinn, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
S. Ó Mongaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0089, Leathanach 154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0089, Leathanach 154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eaglais
  2. XML Leathanach 154
  3. XML “Murchadh Mór agus Murchadh Beag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin chuaidh Murchadh Mór agus Murchadh Beag amach ag baint su craobh. Thosuigh Murchadh Mór ghá bhaint acht an méid a bhainfheadh sé itheadh Murchadh Beag iad. Nuair a mheas Murchadh Mór go raibh a bainte aige d'fhéach sé isteach ins an gcanna acht ní raibh tada ann. [?]a sugh craobh go léir ithte ag Murchadh Beag. Nuair a thug Murchadh Mór faoi deara dubhairt sé go gcrocfhadh sé Muchadh Beag nuair a gheobhadh sé agus chuige sin chuaidh sé ag iarraidh gad. Tháinic sé chomh fada le [?]. "Sé do bheatha a Mhurchadh Mhóir" arsa an tslat "cá bhfuil tú ag dul". [?] iarraidh slat a dhéanfhas gad a crocfhas Murchadh Beag" arsa Murchadh Mór. "Ní thig liomsa a dul leat go bhfághaidh tú tuagh a gearrfhas mé" arsa an tslat. Chuaidh Murchadh Mór i gcoinne tuaighe agus fuair [?]eann. D'innis sé a scéal dhó acht ní rachadh an tuaigh go bhfághadh cloch a líomhfhadh í. Chuaidh sé chomh fada le cloich "Cá bhfuil tú ag dul" arsa an chloch. "Ag iarraidh cloiche a líomhfas tuagh a ghearrfas slat a [?]fhas gad a chrocfas Murchadh Beag" arsa Murchadh Mór. "Ní thig liomsa a dhul leat go bhfághaidh tú uisce a fhliucfas mé". Chuaidh sé sios go dtí an abha agus d'fhiafhruigh an t-uisce dhe cá raibh sé ag dul. "Ag iarraidh uisce a fhliuchfas an chloc" arsa Murchadh Mór. Ní rachadh an t-uisce go bhfághadh sé fiadh a shnámhfadh é acht ní rachadh an fiadh go [?]ághadh sé gadhar a ruaigfeadh é agus ní rachadh an ghadhar go bhfághadh sé a rachadh in a ladhra. Ní rachadh an t-im go bhfághadh sé luchóg a [?]obfadh é agus ní rachadh an luchóg go bhfághadh sé cat a ruaigfheadh é. Ní rachadh an cat go bhfághadh sé bainne ó'n mbuin. Thug an bhó an bainne. D'ól an cat an bainne agus ruaig sí an luchóg. Scríob an luchóg an t-im. Ruaig an ghadhar an fiadh. Snámh an fiadh an t-uisce. D'fhliuc an uisce an cloch. Líomh an cloch an tuaigh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Teanga
    Gaeilge